Svoboda | Graniru | BBC Russia | Golosameriki | Facebook
Transfiguration pending
Jump to content

John O'Mahony

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJohn O'Mahony

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith8 Meitheamh 1953
Cill Mobhí, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás6 Iúil 2024
71 bliana d'aois
Seanadóir na hÉireann
8 Meitheamh 2016 –
Téarma parlaiminte: 25ú Seanad Éireann

Teachta Dála
9 Márta 2011 – 3 Feabhra 2016 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 31ú Dáil

Toghcheantar: Maigh Eo

Teachta Dála
14 Meitheamh 2007 – 1 Feabhra 2011 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 30ú Dáil

Toghcheantar: Maigh Eo

Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Phádraig, Má Nuad Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaFine Gael Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinjohnomahony.ie Cuir in eagar ar Wikidata

Ba pholaiteoir Éireannach, iarbhainisteoir peile agus Teachta Dála do cheantar Mhaigh Eo é John O'Mahony (Gaeilge: Seán Ó Mathúna) (a rugadh ar an 8 Meitheamh 1953 agus a d'éag 6 Iúil 2024).[1] Bhí sé ina bhall d'Fhine Gael.

Ba as Cill Moibhí i gContae Mhaigh Eo ó thús é ach aithníodh é níos déanaí mar fhear Bhealach a’Doirín.[2] Bhí sé ag freastal ar an gColáiste i mbaile Bhealach a’Doirín.

Toghadh é mar TD in olltoghchán 2007. Bhí sé ina Chathaoirleach ar an gcoiste Oireachtais uilepháirtí a bhí ag plé le cúrsaí cumarsáide.

Bainistíocht peile

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí sé ina bhainisteoir ar Liatroim, nuair a bhuaigh siad Craobh Chonnachta sa bhliain 1994. Bua ar leith a bhí ann – an chéad uair a bhuaigh Liatroim an Chraobh ó 1927.

Bhí sé ina bhainisteoir ar fhoireann Mhaigh Eo sa pheil Ghaelach agus d'éirigh leis foireann na Gaillimhe a stiúradh go dhá chraobh uile-Éireann sa pheil sna blianta 1998 agus 2001.

Ainmníodh é mar an 114ú duine is mó tionchair sa CLG i liosta a cuireadh le chéile don Sunday Tribune dar teideal 125 Most Influential People In GAA History sa bhliain 2009.

  1. "Death Notice of John O’MAHONY (Ballaghaderreen, Mayo) | rip.ie" (en). rip.ie. Dáta rochtana: 2024-07-12.
  2. Mairéad Ní Nuadháin (12 Iúil 2024). "John O’Mahony – fear uasal agus ceannaire a d’fhíoraigh aislingí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-07-12.