Svoboda | Graniru | BBC Russia | Golosameriki | Facebook
Transfiguration pending
Jump to content

Tarbh-bhrocaire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Pór Madra Tarbh-bhrocaire
Ginearaltaí
Tír bhunaidhÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Méid áil5.5 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréithe fisiciúla
Airde21 in agus 22 in Cuir in eagar ar Wikidata
Aicmiú agus caighdeán póir
Cód catalóige011 Cuir in eagar ar Wikidata (Federation Cynologique Internationale Cuir in eagar ar Wikidata)
Tarbh-bhrocaire

Is pór madra é an tarbh-bhrocaire a saothraíodh sa Bhreatain le haghaidh gríosú tarbh, trí chros-síolrú tarbhghadhar le brocairí. An cholainn cumasach, an t-eireaball fada, na cluasa biorach díreach in airde, an ceann leathan le súile beaga, an fionnadh gearr. An tarbh-bhrocaire Sasanach bán de ghnáth, tarbh-bhrocaire Staffordshire scothdhearg / buí dhonn de ghnáth.

Faoi na Rialacháin um Rialú Madraí in Éirinn, tá rialacha i bhfeidhm maidir le húinéireacht agus rialú póranna áirithe madraí. Ina measc sin tá tarbh-bhrocairí Meiriceánacha agus Sasanacha, Tarbhmhaistíní agus Doberman. De réir dlí caithfidh duine ós cionn 16 bliana d'aois na madraí a shrianadh le hiall láidir agus béalóg a choinneáil orthu i gcónaí in áiteanna poiblí.[1]

Ó na 1980idí, tá an Tarbh-Bhrocaire Meiriceánach agus an Bulaí Meiriceánach ag tarraingt aire an phobail as ionsaithe ar pháistí is daoine fásta, ionsaithe marfacha uaireanta. I gcuid mhaith tíortha tá rialacháin is srianta orthu.[2] (Ar an 4 Meitheamh 2024, maraíodh Nicole Morey, bean 23 bliain d'aois i gCo. Luimnigh, nuair a d'ionsaigh Bulaí XL (agus tarbh-bhrocaire) í. Rinne baill de Aonad Armtha na nGardaí é a dhíothú nuair a cuireadh fios orthu chuig an láthair).[3][4]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Nuacht RTÉ (2024-06-07). "Tarbh-bhrocaire maraithe ag na Gardaí tar éis ionsaí ar bhean" (as ga-IE). 
  2. Hussey, Matt (2011). "Tarbh-bhrocaire". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 643.
  3. Nuacht RTÉ (2024-06-05). "A 23ú breithlá díreach slánaithe ag an bhean a mharaigh madra" (as ga-IE). 
  4. Garreth Macnamee (2024-06-06). "XL Bully owner killed by the dog had just come in from a night out". Mail Online. Dáta rochtana: 2024-06-06.