Svoboda | Graniru | BBC Russia | Golosameriki | Facebook
Jump to content

Carbocsailghrúpa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Carbocsailaigéad

Is é is carbocsailghrúpa[1] ann ná feidhmghrúpa ceimiceach a bhfuil adamh carbóin amháin, dhá adamh ocsaigine agus adamh hidrigine amháin ann. Is mar -COOH is minicí a scríobhtar i bhfoirmlí simplí struchtúrtha é. Is dual don fheidhmghrúpa seo prótalú a dhéanamh, is é sin, prótón a thabhairt uaidh agus imoibriú a dhéanamh le substaintí alcaileacha (bunata). Mar sin, is feidhmghrúpa aigéadach é an carbocsailghrúpa. Ar an gcarbocsailghrúpa a aithnítear an chuid is mó de na haigéid orgánacha, is é sin, na carbocsailaigéid. Carbocsailaigéid shimplí iad an t-aigéad formach HCOOH (aigéad na seangán), an t-aigéad aicéiteach CH3COOH (aigéad an fhínéagair), agus an t-aigéad bútaireach CH3CH2CH2COOH (aigéad an ime).

  1. “carbocsailghrúpa” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-08-09.