Cath Flodden
War of the League of Cambrai (en) | |
---|---|
Cineál | cath |
Dáta | 9 Meán Fómhair 1513 |
Comhordanáidí | 55°37′37″N 2°10′31″W / 55.62693°N 2.1753°W |
Áit | Northumberland, Branxton |
Tír | Ríocht Shasana |
Rannpháirtithe | Ríocht Shasana |
Troideadh Cath Flodden ar an 9 Meán Fómhair 1513 le linn Chogadh Léige Chambrai idir Ríocht Shasana agus Ríocht na hAlban, agus mar, thoradh air sin, bhí bua ag na Sasanaigh. Bhí blár an chatha i mBranxton i gcontae Northumberland i dtuaisceart Shasana, agus bhí an Rí Séamas IV i gceannas ar fhórsa ionraidh na nAlbanach agus Thomas Howard, 2ú Diúc Norfolk i gceannas ar arm Shasana.[1] Maidir le huimhreacha na dtrúpaí, ba é an cath ba mhó a troideadh idir an dá ríocht.[2] Maraíodh Séamas IV, sa chath, agus b'shin an monarc deireanach in Éireann agus an Bhreatain Mhór a fuair bás i gcath.
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thosaigh an choimhlint seo nuair a d'fhógair Séamas IV, Rí na Scot cogadh ar Shasana chun onóir a thabhairt don Seann-chaidreachas leis an bhFrainc trí trúpaí Shasana an Rí Anraí VIII Shasana a sheoladh ar mhalairt treo óna bhfeachtas i gcoinne rí na Fraince Louis XII. Bhí sean créachtaí oscailte ag an Rí Anraí VIII freisin trína éileamh gurbh é ardtiarna na hAlban, a chuir fearg ar hAlbanaigh agus ar a Rí. Ag an am seo, bhí baint ag Sasana mar bhall den " Léig Chaitliceach " i gCogadh Léige Cambrai - ag cosaint na hIodáile agus an Phápa ó na Francaigh (féach na Cogaí Iodálacha).
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Remembering Flodden | Map of the Battle".
- ↑ "The Seventy Greatest Battles of All Time". Published by Thames & Hudson Ltd. 2005. Edited by Jeremy Black. Pages 95 to 97.ISBN 978-0-500-25125-6.