Is é Oileán Chléire, atá 3 mhíle ar fhaid agus míle ar leithead, an t-oileán is faide ó dheas in Éirinn a bhfuil cónaí ann. Tá sé 8 míle amach ó chósta Iarthar Chorcaí. Tá Carraig Aonair léi féin 3 mhíle siar ón oileán. Síneann Carn Uí Néid, an pointe is faide ó dheas ar an mórthír, siar ó thuaidh. Chothaigh AerachAiteachGaelach nasc le pobal an oileáin nuair a d'eagraigh Ruairí Ó Donnabháin agus a chomhghleacaithe Bród Chléire 2023, an chéad fhéile LADTAIÉ+ ar an oileán.
Is féidir staidéar a dhéanamh ar chanúint an oileáin sa leabharSeanchas Chléire le Conchúr Ó Síocháin agus sa leabhar Céad Fáilte go Cléire. Ceann de na shean-dírbheathaisnéisí Gaeltachta é an chéad cheann acu, agus cnuasach béaloidis ón oileán an dara ceann acu.
De réir daonáireamhPoblacht na hÉireann 2011 tá cónaí ar 124 (fir, 63; mná, 61) duine ar oileán Chléire. Dúirt 88 duine (74.6% den daonra trí mbliana d'aois nó níos aosta) go raibh an Ghaelainn acu. Dúirt 40 duine (33.6%) go n-úsáidfidís an Ghaelainn go laethúil lasmuigh den chóras oideachais.