Svoboda | Graniru | BBC Russia | Golosameriki | Facebook
Jump to content

Clare Daly

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaClare Daly

(2019) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith11 Aibreán 1968
56 bliana d'aois
Droichead Nua, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Feisire de Pharlaimint na hEorpa
Ina hionadaí do: polaiteoir neamhspleách

2 Iúil 2019 –
Téarma parlaiminte: Naoú Parlaimint na hEorpa


Teachta Dála
10 Márta 2016 – 28 Meitheamh 2019 (tofa chun Pharlaimint na hEorpa)
Téarma parlaiminte: 32ú Dáil


Teachta Dála
31 Lúnasa 2012 – 3 Feabhra 2016 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 31ú Dáil

Teachta Dála
9 Márta 2011 – 31 Lúnasa 2012 (an páirtí a fhágáil)
Téarma parlaiminte: 31ú Dáil


Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Chathair Bhaile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir, gníomhaí síochána, bolscaire Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaIndependents 4 Change (2016–)
Aontaithe an Chlé (2013–2015)
Páirtí Sóisialach (1996–2012)
Páirtí an Lucht Oibre (–1989) Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla

Suíomh gréasáinclaredaly.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: ClareDalyMEP Cuir in eagar ar Wikidata

Is iar-Teachta Dála agus iar-Fheisire i bParlaimint na hEorpa (2019 - June 2024) do Bhaile Átha Cliath í Clare Daly (Gaeilge: Clár Ní Dhálaigh) a rugadh sa bhliain 1968 agus a tharraing conspóid go minic. Tá sí ina ball den pháirtí Neamhspleáigh i dtreo Athrú, agus i bhfad amach ar an eite chlé.[1]

Eanáir 2012
2019

D'fhás sí aníos sa Droichead Nua, Contae Chill Dara.

Bhíodh sí ina ball den Pháirtí Sóisialach ach d'éirigh sí as ar an 31 Lúnasa, 2012.[2] Bhíodh sí mar chomhairleoir áitiúil i bhFine Gall do cheantar Sord.

Gabhadh í go luath sa bhliain 2013 nuair a cuireadh ina leith go raibh sí ag tiomáint faoi thionchar an óil. Scaoileadh saor níos déanaí í, agus fógraíodh go raibh an leibhéal alcóil ina cuid fola níos ísle ná an teorainn dhleathach. De bharr gur sceitheadh an scéal chuig na meáin agus gur cuireadh dornaisc uirthi, rinne sí gearán le hOmbudsman na nGardaí ina thaobh, dar léi bhíothas tar éis bheith níos déine uirthi toisc gur scaoil sí féin scéal faoi ghardaí a bhí ag baint pointí pionóis ó cheadúnais tiomána.

Sheas sí san Olltoghchán 2016 agus toghadh í mar TD le 16% de na vótaí céad rogha sa toghcheantar Baile Átha Cliath Theas.

Toghadh í chun Parlaimint na hEorpa sa bhliain 2019. Chaill sí a suíochán i bParlaimint a hEorpa in 2024.[3] Chuir RTÉ ceist uirthi cén chaoi ar bhraith sí a suíochán a chailliúint. D'fhreagair sí, "ní raibh spéis ar bith agaibh labhairt liomsa le cúig bliana anuas. Níl spéis ar bith agam labhairt libhse anois." Thug sí barróg don phobalóir Niall Boylan, Éire Neamhspleách, sular fhág sí Ionad Comháirimh Chumann Ríoga Bhaile Átha Cliath.[4]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. agus dearcadh an-liobrálach aici; mar shampla tá sí ar son ceart a bheith ann chun ginmhillte.
  2. RTÉ News (2012-09-01). "Daly leaves Socialist Party after Wallace row" (as en). 
  3. Cuireadh as an gcomórtas í ar an seachtú comháireamh déag.
  4. Nuacht RTÉ (2024-06-11). "Daly & Cuffe curtha as an iomaíocht sna toghcháin Eorpacha i mBÁC" (as ga-IE).