Svoboda | Graniru | BBC Russia | Golosameriki | Facebook
Jump to content

Cluichí an Chomhlathais

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Cluichí Comhlathais)
Léarscáil na Náisiún a ghlacann páirt i gCluichí an Chomhlathais.

Is ócáid idirnáisiúnta, ilspóirt iad Cluichí an Chomhlathais (Béarla: Commonwealth Games, ar a dtugtar Cluichí Impireacht na Breataine 1930-1950, Cluichí na hImpireachta agus an Chomhlathais Bhriotanaigh 1954-1966, agus Cluichí an Chomhlathais Bhriotanaigh 1970-1974) a bhaineann le lúthchleasaithe ó Chomhlathas na Náisiún. Reáchtáladh an ócáid den chéad uair in 1930, agus, cé is moite de 1942 agus 1946, nuair a cuireadh ar ceal é mar gheall ar an Dara Cogadh Domhanda, bhí sé ar siúl gach ceithre bliana ó shin i leith.

Is í Cónaidhm Chluichí an Chomhlathais (CGF) a eagraíonn an clár spóirt agus a roghnaíonn na cathracha óstacha.

Cé go bhfuil 53 ball de Chomhlathas na Náisiún, glacann 71 foireann páirt sna Cluichí, mar gheall ar roinnt críoch spleách a ghlacann páirt faoina mbratach féin. Seolann Sasana, Albain, an Bhreatain Bheag, agus Tuaisceart Éireann foirne ar leith, mar shampla. Níl ach sé thír ann a d'fhreastail ar gach Cluichí go dtí seo: An Astráil, Ceanada, Sasana, an Nua-Shéalainn, Albain, agus an Bhreatain Bheag.

Tíortha rannpháirteacha

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ghlac 71 náisiún páirt i gCluichí an Chomhlathais i nGlaschú in 2014.[1][2]:

Náisiúin a ghlac páirt i gCluichí an Chomhlathais in 2014


Liosta na gCathracha Óstacha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Cluichí Impireacht na Breataine
Eagrán Bliain Cathair Dáta Tosaigh Dáta Deiridh Líon Spórt Tíortha Foireann is mó rath
I 1930 Hamilton, Ceanada 16 Lúnasa 23 Lúnasa 6 11 Sasana
II 1934 Londain, Sasana 4 Lúnasa 11 Lúnasa 6 16 Sasana
III 1938 Sydney, Astráil 5 Feabhra 12 Feabhra 7 15 Astráil
IV 1950 Auckland, Nua-Shéalainn 4 Feabhra 11 Feabhra 9 12 Astráil
Impireacht na Breataine agus na Cluichí gComhlathas
V 1954 Vancouver, Ceanada 30 Iúil 7 Lúnasa 9 24 Sasana
VI 1958 Caerdydd, An Bhreatain Bheag 18 Iúil 26 Iúil 9 36 Sasana
VII 1962 Perth, Astráil 22 Samhain 1 Nollaig 9 35 Astráil
VIII 1966 Kingston, Iamáice 4 Lúnasa 13 Lúnasa 9 34 Sasana
Cluichí gComhlathas na Breataine
IX 1970 Dún Éideann, Albain 16 Iúil 25 Iúil 9 42 Astráil
X 1974 Christchurch, Nua-Shéalainn 24 Eanáir 2 Feabhra 9 38 Astráil
Cluichí gComhlathas
XI 1978 Edmonton, Ceanada 3 Lúnasa 12 Lúnasa 10 46 Ceanada
XII 1982 Brisbane, Astráil 30 Meán Fómhair 9 Deireadh Fómhair 10 46 Astráil
XIII 1986 Dún Éideann, Albain 24 Iúil 2 Lúnasa 10 26 Sasana
XIV 1990 Auckland, Nua-Shéalainn 24 Eanáir 3 Feabhra 10 55 Astráil
XV 1994 Victoria, Ceanada 18 Lúnasa 28 Lúnasa 10 63 Astráil
XVI 1998 Kuala Lumpur, An Mhalaeisia 11 Meán Fómhair 21 Meán Fómhair 15 70 Astráil
XVII 2002 Manchain, Sasana 25 Iúil 4 Lúnasa 17 72 Astráil
XVIII 2006 Melbourne, Astráil 15 Márta 26 Márta 16 71 Astráil
XIX 2010 Deilí, India 3 Deireadh Fómhair 14 Deireadh Fómhair 17 71 Astráil
XX 2014 Glaschú, Albain 23 Iúil 3 Lúnasa 17 71 Sasana
XXI 2018 Gold Coast, Astráil 4 Aibreán 15 Aibreán 17 -
XXII 2022 Durban, An Afraic Theas 18 Iúil 31 Iúil 71 -

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2014-12-29. Dáta rochtana: 2015-01-13.
  2. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2015-01-23. Dáta rochtana: 2015-01-13.