Svoboda | Graniru | BBC Russia | Golosameriki | Facebook
Jump to content

Coimisinéir Eorpach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de càrrec políticCoimisinéir Eorpach
LiostaLiosta de Choimisinéirí an AE

Is éard is Coimisinéir Eorpach ann ná duine atá mar bhall den Choimisiún Eorpach‎. Tá ball as gach ballstát den Aontas ar an gCoimisiún, rud a chiallaíonn go bhfuil 27 coimisinéirí páirteach ann. Tá tuarastal €300,000 (saor ó cháin) in aghaidh na bliana ar dul leis an bpost.[1]

Mairéad McGuinness, Coimisinéir 2019-2024
Michael McGrath, 2024-2029

Maireann téarma an Choimisiúin cúig bliana. Caitheann gach ballstáit an Aontais Eorpaigh a Choimisinéir(í) féin a ainmniú roimh chruinniú mullaigh den Chomhairle Eorpach. Níl iontu ach ainmniúcháin, ámh, mar go gcaithfidh Parlaimint na hEorpa gach ceann acu a cheadú sular féidir aon duine a cheapadh.[2] Tá na Coimisinéirí freagrach do Pharlaimint na hEorpa.

Is é príomhchúram na gCoimisinéirí polasaithe a mholadh agus a chur i bhfeidhm. Seolann an Coimisinéir Eorpach cuí dréacht-mholtaí na reachtaíochta chuig na coistí i bParlaimint na hEorpa ; scrúdaíonn siad na rialacha atá beartaithe agus mholann siad leasuithe. Má tá Coimisinéir ag iarraidh reachtaíocht a thabhairt isteach, cuirtear an dréacht faoi bhráid an choiste a dhéanfaidh an cinneadh a scrúdú agus leasuithe a chur chun cinn.[3]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "An t-iar-aire stáit Gaeltachta Jack Chambers le ceapadh ina aire airgeadais" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-06-25). Dáta rochtana: 2024-06-25.
  2. Nuacht RTÉ (2024-06-24). "Ainmniúchán Michael McGrath mar Choimisnéir Eorpach le plé inniu" (as ga-IE). 
  3. Muiris O'Cearbhaill (2024-06-01). "‘Ispíní a dhéanamh’: Cad is FPE ann agus cad a dhéanann siad?" (en). TheJournal.ie. Dáta rochtana: 2024-06-24.