Svoboda | Graniru | BBC Russia | Golosameriki | Facebook
Jump to content

Custard

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí BiaCustard
Sonraí
Cineálmilseog a itear le spúnóg agus taosrán
Príomh-chomhábhairbainne, ubh agus fanaile
Berliner lán de chustard.

Bainne, uibheacha, siúcra agus gránphlúr (go minic) bruite le chéile mar mhilseog srl is ea custard[1] (breachtán[2]ubhagán[3] freisin sna seanfhoclóirí).

Is milseog é agus lena chois sin, cuirtear i mórán borróga é freisin, amhail Berliner.

Buíonn dath buíbánbhuí air de bharr buíocáin na n-uibheacha. Is féidir é a ithe te nó fuar.

Is féidir le custard a bheith tiubh agus meallach nó is féidir leis bheith sreabhach. Nuair atá sé sreabhach, tá sé oiriúnach mar anlann agus doirtear ar bhia eile é amhail toirtín.

  1. "An Foclóir Beag: custard" (en). www.teanglann.ie. Dáta rochtana: 2021-11-25.
  2. Patrick S. Dinneen (1927). “Breachtán - -áin, m., mixed food as b...” (ga). Foclóir Gaedhilge agus Béarla. Cumann na Scríbheann nGaedhilge. Dáta rochtana: 2024-09-15.
  3. Patrick S. Dinneen (1927). “Ubhagán - -áin, m., a custard.” (ga). Foclóir Gaedhilge agus Béarla. Cumann na Scríbheann nGaedhilge. Dáta rochtana: 2024-09-15.