Svoboda | Graniru | BBC Russia | Golosameriki | Facebook
Jump to content

Anraí Joy Mac Reachtain

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Henry Joy McCracken)
Infotaula de personaAnraí Joy Mac Reachtain

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith31 Lúnasa 1767
Béal Feirste, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás17 Iúil 1798
30 bliana d'aois
Béal Feirste, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisPionós an bháis (Crochadh)
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnPreispitéireachas
Gníomhaíocht
Gairmfiontraí, polaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Ghlac sé/sí páirt i
7 Meitheamh 1798Cath Aontroma
24 Bealtaine 1798Éirí Amach 1798 in Éirinn Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
SiblínMáire Ann Nic Reachtain

Ba dhéantúsóir cadáis agus thionsclóir, Phreispitéireach, Éireannach radacach, agus ball bunaidh, mar aon le Theobald Wolfe Tone, James Napper Tandy, agus Robert Emmet, Cumann na nÉireannach Aontaithe é Anraí Joy Mac ReachtainHenry Joy McCracken (31 Lúnasa 1767 - 17 Iúil 1798) .

Rugadh agus tógadh McCracken i mBéal Feirste, deartháir an athchóiritheoir sóisialta, Máire Ann Nic Reachtain ab ea é. Ina luath-óige, léirigh sé suim sa pholaitíocht radacach, agus chuaigh sé isteach san eagraíocht Cumann na nÉireannach Aontaithe sa bhliain 1795, agus go tapa dírigh na húdaráis Rialtais air.

Thaistil McCracken go rialta ar fud na tíre ag earcú ball nua don Chumann agus a leasa gnó úsáidte aige mar chlúdach. Mhol sé go rachadh na Defenders agus na hÉireannaigh Aontaithe i bpáirt le chéile, agus ag iarraidh cairdeas a chothú idir Caitlicigh agus Protastúnaigh.’

Gabhadh é i nDeireadh Fómhair na bliana 1796 agus cuireadh é i bPríosún Chill Mhaighneann i mBaile Átha Cliath. D'éirigh sé tinn agus scaoileadh as an bpríosún é i Nollaig 1797.

Ar an 7 Meitheamh 1798 chuaigh McCracken i gceannas ar éirí amach i gCo. Aontroma. Scrios na fórsaí a bhí dílis don rí iad gan mórán moille.[1]

Gabhadh McCracken agus cuireadh chun báis é ar an 17 Iúil 1798.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Seán Delap (2018). "Stór Staire" (ga-IE). COGG. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-06-07. Dáta rochtana: 2024.