James Hoban
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1762 Contae Chill Chainnigh |
Bás | 8 Nollaig 1831 68/69 bliana d'aois Washington, D.C. |
Áit adhlactha | Mount Olivet Cemetery (en) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | ailtire |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Teaghlach | |
Páiste | James Hoban Jr. |
B'ailtire Éireannach é James Hoban (t. 1758 - 8 Nollaig, 1831), a dhear roinnt foirgnimh poiblí in Éirinn agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá. An t-éacht is mó a rinne sé ná an Teach Bán i Washington, D.C.
Tús a shaoil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig Hoban ar an saoil i mBaile Mhic Dháith, baile beag in aice le Callainn, Contae Chill Chainnigh, agus tógadh é ar eastát an Iarla Bhaile Mhic Dháith ag Gráinseach Chuffe, áit inar fhoghlaim sé ceird na cearpantóireachta. Ina dhiaidh sin, fuair sé a chuid oideachais san ailtireacht ag Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath.
Tar éis Réabhlóid Mheiriceá, d'fhág Hoban BÁC agus chuir sé faoi i Meiriceá.
Ailtireacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuir Hoban bun le gairmréim mar ailtire i Philadelphia sa bhliain 1781.
An bhliain dár gcionn, thaisteal Hoban go dtí Carolina Theas, agus dhear sé roinnt foirgnimh ann, Teach Stáit Carolina Theas i gColumbia ina measc.
Sa bhliain 1792, b'é Hoban an buaiteoir i gcomórtas a cuireadh ar siúl chun dearthóir an árais uachtaránachta nua a roghnú, an Teach Bán mar a tugadh air níos déanaí. Bhí Hoban ar dhuine de na h-ailtirí maoirseachta a bhí ag obair ar Chnoc an Chaipeatóil i Washington, ag cur i gcrích scéimeanna a bhí deartha ag Dr. William Thornton.
Bhí plean Hoban bunaithe ar Theach Laighean i mBaile Átha Cliath[2], ach rinne sé foirgneamh dhá stór de, tar éis iarratas ó George Washington. Tógadh an foirgneamh idir na blianta 1793 agus 1800.
Chaith Hoban an chuid eile dá shaol i Washington, D.C., ag obair anois is arís ar fhoirgnimh poiblí agus scéimeanna rialtais eile, bóithre agus droichid ina measc.
Dhear Hoban, a deirtear, Rossenarra House in aice leis an tsráidbhaile Cill Mogeanna i gContae Chill Chainnigh chomh maith, sa bhliain 1824, ach is cosúil nach bhfuil sé seo fíor.[3]
Bhásaigh Hoban i Washington, D.C. ar an 8 Nollaig 1831.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Belcamp House" (as en) (2023-11-21). Wikipedia.
- ↑ whha.org (2014-05-04). "White House History | "James Hoban, Architect of the White House"". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2014-05-04. Dáta rochtana: 2024-07-15.
- ↑ "Rossenarra House" (as en) (2024-06-22). Wikipedia.