Jhelum (abhainn)
Cineál | Abhainn ![]() | ||||||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Cuid de | Miotaseolaíocht na Gréige ![]() | ||||||||||||||||||
Foinse | |||||||||||||||||||
Mór-roinn | an Áise ![]() | ||||||||||||||||||
Limistéar riaracháin | Jammu agus an Chaismír, An India, Azad Kashmir (en) ![]() ![]() ![]() | ||||||||||||||||||
Deireadh | |||||||||||||||||||
Limistéar riaracháin | Himachal Pradesh, An India ![]() | ||||||||||||||||||
Suíomh | Abhainn Chenab ![]() | ||||||||||||||||||
Is abhainn í an Jhelum (Hiondúis: झेलम, Sanscrait: वितस्ता, Urdúis: جہلم, Puinseáibis: ਜਿਹਲਮ / جہلم, Caismíris: व्यथ / ویتھ) i dTuaisceart na hIndia agus in Oirthear na Pacastáine. Is í an ceann is faide siar de na cúig abhainn i réigiún an Phuinseáb í, agus téann sí trí Ghleann na Caismíre. Is fo-abhainn í den Chenab agus tá a fad iomlán thart ar 725 ciliméadar.[1] Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa chianaois, thug na Gréagaigh an Hídeaspaes (Sean-Ghréigis: Ὑδάσπης, Hudáspês) ar an abhainn. Ba í láthair Chath an Hídeaspaes í, idir Alastar Mór agus Póros, rí Indiach den ríocht Paurava, i mí Iúil 326 RCh. Feadh bhruach na habhann seo a chaill Alastar Mór a chapall Bucephalus agus a mhadra Péritas agus thóg Alastar na na cathracha Bucephalus agus Péritas a bhí ainmnithe aige ina gcuimhne. ![]() Tagairt[cuir in eagar | athraigh foinse]
|