Svoboda | Graniru | BBC Russia | Golosameriki | Facebook
Jump to content

Miotal trasdultach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is miotal trasdultach ann ná dúil a bhfuil d-fhosceall neamhiomlán ag a hadamh, nó a d'fhéadfadh caitiain a chruthú le d-fhosceall neamhiomlán. Áirítear leis seo dúile i ngrúpaí 3 go 12 den tábla peiriadach, cé go ndéantar dúile grúpa 12 (since, caidmiam, agus mearcair) a eisiamh uaireanta mar gheall ar a d-fhosceallaí lánlíonta ina staideanna ocsaídiúcháin is coitianta.[1]

Is é an fo-leibhéal neamhiomlán a thugann na hairíonna atá liostaithe thíos do na miotail thrasdultacha;
• Foirmíonn siad coimpléisc dhaite.
• Tá staideanna athraitheacha ocsaídiúcháin acu.
• Gníomhaíonn na miotail agus a gcomhdhúile mar chatalaígh;

Cumraíocht leictreon

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Agus cumraíochtaí leictreon na miotal trasdultacha á scríobh, cuimhnigh;
• go líonann an fosceall 4s roimh an 3d.
• go gcailltear na leictreoin 4s ar dtús nuair a fhoirmítear iain
• go bhfuil cumraíocht leictreonach 1s22s2 2p63s23p63d10 4s1 ag copar mar gheall ar chobhsaíocht bhreise 3d líonta
• go bhfuil cumraíocht leictreonach 1s22s22p6 3s23p63d54s1 ag cróimiam mar gheall ar an chobhsaíocht bhreise atá ag 3d, atá leath-líonta.


  1. Hussey, Matt (2011). "Dúile trasdultacha". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 227.