Richard Adolf Zsigmondy
Appearance
Ceimicí a saolaíodh i Vín, ceannródaí na ceimice collóidí, ab ea Richard Adolf Zsigmondy (1 Aibreán 1865 – Meán Fómhair 1929). Ungáraigh a thuismitheoirí. D'fhionn sé an t-ultraimicreascóp sa bhliain 1903. Bhuaigh sé Duais Nobel na Ceimice i 1925 as a shaothar ar chollóidigh agus an t-ultraimicreascóp. I nGöttingen, sa Ghearmáin, a fuair sé bás.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Richard Adolf Zsigmondy". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 711.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |